Téarmaí Úsáide
Má úsáideann tú teicneolaíochtaí ABAIR (m.sh. guthanna sintéiseacha/aithint cainte/samhlacha teanga) i do chuid oibre, iarrtar ort ABAIR a lua.
Úsáid Teicneolaíocht ABAIR: Éilítear aitheantas a chur chun cinn
Soláthraítear teicneolaíocht ABAIR (m.sh, guthanna sintéiseacha, aithint cainte, samhlacha teanga, agus gach uirlis atá ar fáil ar Léigh Dom agus ar ardáin eile ABAIR) saor in aisce i gcomhair úsáid an phobail, cúrsaí oideachais agus úsáid neamhbhrabúis.
Má úsáidtear uirlis ABAIR i saothar faoi leith, mar shampla, cáipéisí a insint, closleabhair a chruthú, nó fuaim labhartha a ghineadh i gcomhair tionscadal poiblí nó príobháideach; iarrtar ort aitheantas a thabhairt do ABAIR sa saothar freisin.
Léiríonn an t-aitheantas seo tacaíocht agus an dul chun cinn leanúnach ar son theicneolaíocht urlabhra agus teanga na Gaeilge, go háirithe agus í saor in aisce i gcomhair phobal na Gaeilge.
Conas aitheantas a thabhairt do ABAIR
D'fhéadfaí aitheantas a thabhairt do ABAIR i saothar leis na modhanna seo a leanas:
1. Sna teidil chreidiúna fuaime agus físeáin (podchraoltaí, closleabhair, YouTube, Vimeo, srl):
Gineadh an insint ag úsáid ABAIR (abair.ie)
Cuireadh an teicneolaíocht sintéise urlabhra seo ar fáil de bharr ABAIR, Coláiste na Tríonóide.
2. Ar shuíomh, ardáin tionscadail, nó acmhainní digiteacha:
Úsáidtear teicneolaíocht urlabhra agus teanga ABAIR sa tionscadal seo.
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh abair.ie
3. Ar ábhair chlóbhuailte (ábhar clóite agus ar líne cosúil le: suíomh gréasáin, feidhmchlár, cuntas ar na meáin shóisialta, físeán, blag, póstaer, bileog, cuireadh imeachta agus fógraí go léir):
Cuireadh an teicneolaíocht sintéise urlabhra agus téacsphróiseála seo ar fáil de bharr ABAIR.
Cuir an lógó seo san áireamh, le do thoil:
Íoslódáil Lógó ABAIR
ABAIR Logo (Hollow SVG)

ABAIR Logo (Green Outline)

ABAIR Logo (Classic)

ABAIR Logo (Flat)

ABAIR Logo (Small)
Cén fáth a n-iarrtar seo ort?
Is tionscadal taighde é ABAIR, agus braithimid ar mhaoiniú poiblí – tá an fhoireann lonnaithe sa tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide. Tá an tionscadal maoinithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Iarrtar ort aitheantas a thabhairt dúinn chun:
- trédhearcacht a léiriú
- aitheantas a thabhairt do shaothar na foirne
- earnáil dhúchasach a chur chun cinn ar son theicneolaíocht urlabhra agus teanga na Gaeilge (mar atá leagtha amach sa 'Phlean Digiteach don Ghaeilge – Teicneolaíochtaí Urlabhra agus Teanga, 2023-2027')
D'Ábhar Féin agus Ár Seirbhís
Is uirlis taighde é Léigh Dom a chuirtear ar fáil mar atá, gan bharánta ar bith. D'fhéadfadh an tsintéis teip, focail a mhífhuaimniú, nó a bheith as fáil fad is atá an tseirbhís bhunaidh as feidhm.
Is leatsa i gcónaí aon cháipéis a uaslódálann tú. Is leatsa an fhuaim shintéisithe le húsáid, faoi réir an iarratais aitheantais thuas.
Ná huaslódáil ach cáipéisí a bhfuil na cearta agat ina leith. Ná bain úsáid as an tseirbhís chun fuaim mhíthreorach, bhréagphearsanaithe, nó neamhdhleathach a chruthú.
Is é tionscadal ABAIR a oibríonn an tseirbhís sintéise Gaeilge (synthesis.abair.ie); nuair a úsáideann tú an uirlis seo, téann do chuid téacs tríd an tseirbhís sin.
Má bhíonn aon cheist agat faoi chead úsáide, faoi leagan difriúil chun aitheantas a thabhairt do ABAIR, nó faoi chomhoibriú, téigh i dteagmháil linn ag [email protected]




